Accueil L’oulipien de l’année Cité récitée
Annan gaélique

Page précédente Page suivante

I ndiaidh trí lá phlúchtacha ar mhuin chamall ar an bhealach, bhain
muid gleann Annan amach, tír na Síor-Ghaoth. Ruaigeann an t-aer
síorbheo bolaithe gaineamhlaigh is farraige, agus caitheann sé
mindeannach ar dhath na meirge, a thig idir gach aon snáithín éadaigh
sa deireadh. Ní stadann a fheadaíl liosta am ar bith, nach féidir caint
a chéile a chluinstin agus tú ag comhrá ar an tsráid. Insíthear i
Lámhleabhar Rós an Ghaineamhlaigh go dtuitfeadh ballaí gach aon bhaile
in Annan as a seasamh dá stadfadh an ghaoth do bheith ag séideadh.

Traduction du premier paragraphe en gaélique d’Irlande.